Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Eoin 1:6-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Má deirimid go bhfuilimid i bpáirt leis agus sinn ag siúl sa dorchacht, déanaimid an bhréag agus ní hí an fhírinne a chleachtaimid.

7. Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.

8. Má deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn féin agus níl an fhírinne ionainn.

9. Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean dílis cóir agus maithfidh sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn ón uile olc.

10. Má deirimid nach ndearnamar aon pheaca bréagnaímid é agus níl a fhocal ionainn.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Eoin 1