Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Eoin 1:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An ní a bhí ó thús, an ní a chualamar, an ní a chonaiceamar lenár súile féin, an ní ar leagamar súil air agus lámh, mar atá, Briathar na beatha -

2. foilsíodh an bheatha agus chonaiceamar-na agus anois tugaimid fianaise agus fógraímid daoibhse an bheatha shíoraí a bhí fara an Athair agus a foilsíodh dúinne.

3. Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost.

4. Agus scríobhaimid na nithe seo chugaibh le go mba lán ár lúcháir.

5. Agus seo é an scéala a chualamar uaidh agus a fhógraímid daoibhse: gur solas é Dia, agus gan aon dorchacht ann.

6. Má deirimid go bhfuilimid i bpáirt leis agus sinn ag siúl sa dorchacht, déanaimid an bhréag agus ní hí an fhírinne a chleachtaimid.

7. Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Eoin 1