Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 9:4-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Nach bhfuil ceart ite agus óil againn?

5. Nach bhfuil sé de cheart againn bean chéile a bheith lenár gcois againn dála na n‑aspal eile, dála bhráithre an Tiarna agus dála Chéafais?

6. An ormsa agus ar Bharnabas amháin atá coiscthe an saothar láimhe a thabhairt suas?

7. Cé a théann riamh ag saighdiúireacht ar a chostas féin? Cé a chuireann fíonghort ach nach n‑itheann cuid dá thoradh? Nó cén t‑aoire a dhéanann aoireacht ach nach n‑ólann bainne a thréada féin?

8. Agus an i dtaobh le hargóintí ón ngnáthshaol atáim, nó nach bhfuil an rud céanna le rá ag an dlí?

9. Sea, tá scríofa i ndlí Mhaois: “Ná cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair.”

10. An iad na daimh is cás le Dia? Nó nach chugainne a bhí sé dáiríre? Is chugainn a scríobhadh é gan dabht, á thabhairt le fios nach miste don treabhadóir agus don bhuailteoir bheith ag súil lena gcion den toradh a fháil.

11. Má chuireamarna síol spioradálta daoibhse, an mór an ní é má bhainimid toradh saolta uaibh?

12. Má fhaigheann daoine eile an ceart seo uaibh, nach móide go bhfaighmisne uaibh é? Ach níor bhaineamar feidhm riamh as an gceart sin. Ina ionad sin cuirimid suas le gach sort ar eagla go gcuirfimis bac dá laghad ar dhea-scéal Chríost.

13. Nach eol daoibh, iad sin a bhíonn i mbun searmanais an teampaill, go gcaitheann siad bia an teampaill; agus iad sin a bhíonn ag freastal ag an altóir, go bhfaigheann siad a gcion de bhia na haltóra?

14. Ar an gcuma chéanna d'achtaigh an Tiarna do lucht fógartha an dea-scéil a mbeatha a bhaint as an dea-scéal.

15. Ach níor bhain mise feidhm as aon cheart acu sin agus ní á n‑éileamh dom féin anois atáim ag scríobh na litreach seo. B'fhearr liom bás a fháil ar dtús ná go bhfágfadh duine ar bith mé gan m'ábhar maíte.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 9