Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 9:19-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Bíodh nach bhfuil buannacht ag duine ar bith orm, rinne mé sclábha díom féin don uile dhuine d'fhonn breis a thabhairt liom.

20. Leis na Giúdaigh bhí mé mar a bheadh Giúdach d'fhonn na Giúdaigh a thabhairt liom. Leo sin atá faoi réir an dlí bhí mé mar dhuine a bheadh faoi réir an dlí - cé nach bhfuilim faoina réir dáiríre - d'fhonn an mhuintir atá faoi réir an dlí a thabhairt liom.

21. Leo siúd atá saor ón dlí bhí mé mar dhuine a bheadh saor ón dlí d'fhonn an mhuintir atá saor ón dlí a thabhairt liom - cé nach bhfuilim saor ó dhlí Dé ach mé faoi dhlí Chríost.

22. Bhí mé lag leis na laga d'fhonn na laga a thabhairt liom. Bhí mé i mo gach ní do gach duine d'fhonn cuid áirithe acu a shábháil ar chuma éigin.

23. Is ar mhaithe leis an dea-scéal a dhéanaim gach ní ionas go mbeinn i bpáirt ann.

24. Iad siúd a bhíonn ag rás i gcomórtas nach bhfuil a fhios agaibh go ritheann siad go léir, ach nach mbeireann ach an t‑aon duine amháin acu an chraobh leis. Rithigíse ar shlí go mbainfidh sibh an chraobh thar barr amach.

25. Níl aon iomaitheoir díobh nach í an mheasarthacht a ghnáthaíonn sé i ngach ní. Níl le baint acu siúd ach craobh dhíomuan ach tá craobh le baint againne nach dtréigfidh choíche.

26. I dtaca liom féin, nuair a rithimse rás ní chun seachráin é; nuair a bhím ag dornáil ní mar bheinn ag bualadh an aeir é.

27. Ní hea ach tugaim bascadh do mo chorp agus coinním faoi smacht é le heagla go gcolfaí mé féin tar éis dom a bheith ag fógairt ar dhaoine eile.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 9