Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 9:14-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ar an gcuma chéanna d'achtaigh an Tiarna do lucht fógartha an dea-scéil a mbeatha a bhaint as an dea-scéal.

15. Ach níor bhain mise feidhm as aon cheart acu sin agus ní á n‑éileamh dom féin anois atáim ag scríobh na litreach seo. B'fhearr liom bás a fháil ar dtús ná go bhfágfadh duine ar bith mé gan m'ábhar maíte.

16. Ní aon chúis mhaíte dom bheith ag fógairt an dea-scéil, mar is é mo dhualgas é, agus is domsa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt.

17. Dá mba de mo dheoin féin a bheinn á dhéanamh sin bheadh tuarastal ag dul dom; ach más de m'ainneoin é, is dualgas é atá curtha orm.

18. Cén tuarastal atá ag dul dom mar sin? Tá, go ndéanaim an dea-scéal a fhógairt saor in aisce gan feidhm ar bith a bhaint as an gceart is liom ón dea-scéal.

19. Bíodh nach bhfuil buannacht ag duine ar bith orm, rinne mé sclábha díom féin don uile dhuine d'fhonn breis a thabhairt liom.

20. Leis na Giúdaigh bhí mé mar a bheadh Giúdach d'fhonn na Giúdaigh a thabhairt liom. Leo sin atá faoi réir an dlí bhí mé mar dhuine a bheadh faoi réir an dlí - cé nach bhfuilim faoina réir dáiríre - d'fhonn an mhuintir atá faoi réir an dlí a thabhairt liom.

21. Leo siúd atá saor ón dlí bhí mé mar dhuine a bheadh saor ón dlí d'fhonn an mhuintir atá saor ón dlí a thabhairt liom - cé nach bhfuilim saor ó dhlí Dé ach mé faoi dhlí Chríost.

22. Bhí mé lag leis na laga d'fhonn na laga a thabhairt liom. Bhí mé i mo gach ní do gach duine d'fhonn cuid áirithe acu a shábháil ar chuma éigin.

23. Is ar mhaithe leis an dea-scéal a dhéanaim gach ní ionas go mbeinn i bpáirt ann.

24. Iad siúd a bhíonn ag rás i gcomórtas nach bhfuil a fhios agaibh go ritheann siad go léir, ach nach mbeireann ach an t‑aon duine amháin acu an chraobh leis. Rithigíse ar shlí go mbainfidh sibh an chraobh thar barr amach.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 9