Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 8:4-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Maidir leis an mbia íobartha seo a ithe, is eol dúinn nach bhfuil, dáiríre, bonn ar bith le híola agus nach bhfuil ach an t‑aon Dia amháin ann.

5. Tá gan amhras déithe mar dhea ar neamh agus ar talamh - go deimhin tá “déithe” agus “tiarnaí” ann go líonmhar.

6. Mar sin féin níl ann, i dtaca linne de, ach an t‑aon Dia amháin, an tAthair arb uaidh an uile ní agus arb ina chomhair atáimidne ann; agus níl ann ach an t‑aon Tiarna amháin, Íosa Críost, ar tríd a thagann an uile ní agus ar tríd atáimidne ann chomh maith.

7. Ní hé gach aon duine a bhfuil an tuiscint seo aige áfach. Tá daoine áirithe ann agus oiread [taithí] acu ar na híola go dtí seo, go gcaitheann siad an bia faoi mar go mbeadh sé íobartha don íol dáiríre agus toisc a gcoinsias a bheith lag fágtar smál dá réir air.

8. Ach ní hé an bia a dhlúthóidh le Dia sinn; ní fearrde sinn é a chaitheamh agus ní measaide sinn é a fhágáil inár ndiaidh.

9. Bígí aireach, áfach, ar eagla go mbeadh an tsaoirse sin agaibh ina ceap tuisle do na laga.

10. Mar an duine a bhfuil an coinsias go lag aige, má fheiceann sé tusa, fear an eolais, i do shuí chun boird istigh i dteampall págánach, nach mbrostófar é chun an bia íobartha a chaitheamh chomh maith?

11. An duine lag is bráthair duit agus a bhfuair Críost bás ar a shon, déantar é a mhilleadh le do chuidse eolais.

12. Nuair a pheacaíonn sibh in aghaidh bhur mbráithre ar an gcuma sin agus a gcoinsias lag a ghonadh, is in aghaidh Chríost a dhéanann sibh an peaca dáiríre.

13. Dá chionn sin, má chuireann an bia mo bhráthairse ar a aimhleas, ní bhlaisfidh mé feoil go deo arís ar eagla go gcuirfinn ar a aimhleas é.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 8