Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 8:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An cheist seo faoin mbia a ofráiltear do na híola: ar ndóigh tuigimid go bhfuil “fios” againn go léir. Mar sin féin cothaíonn an fios seo an mhórchúis, ach is é an grá a dhéanann tógáil.

2. An duine a mhaíonn go bhfuil fios fátha an scéil aige níl fios a ghnó mar ba chóir fós aige,

3. ach an té a bhfuil grá do Dhia aige, tá sé aitheanta ag Dia.

4. Maidir leis an mbia íobartha seo a ithe, is eol dúinn nach bhfuil, dáiríre, bonn ar bith le híola agus nach bhfuil ach an t‑aon Dia amháin ann.

5. Tá gan amhras déithe mar dhea ar neamh agus ar talamh - go deimhin tá “déithe” agus “tiarnaí” ann go líonmhar.

6. Mar sin féin níl ann, i dtaca linne de, ach an t‑aon Dia amháin, an tAthair arb uaidh an uile ní agus arb ina chomhair atáimidne ann; agus níl ann ach an t‑aon Tiarna amháin, Íosa Críost, ar tríd a thagann an uile ní agus ar tríd atáimidne ann chomh maith.

7. Ní hé gach aon duine a bhfuil an tuiscint seo aige áfach. Tá daoine áirithe ann agus oiread [taithí] acu ar na híola go dtí seo, go gcaitheann siad an bia faoi mar go mbeadh sé íobartha don íol dáiríre agus toisc a gcoinsias a bheith lag fágtar smál dá réir air.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 8