Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 6:10-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. ná gadaithe ná santacháin ná meisceoirí ná cáinteoirí ná robálaithe - ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.

11. Agus is mar sin a bhí cuid agaibhse tráth ach tá sibh nite anois, tá sibh coisricthe agus fíréanaithe in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé.

12. “Tá gach ní ceadaithe dom” - ach ní hé gach ní a théann chun sochair. “Tá gach ní ceadaithe dom” - ach ní mise a bheidh faoi smacht ag aon rud.

13. “Is don ghoile atá an bia ann agus is don bhia an goile” - ach cuirfidh Dia idir bhia agus ghoile ar neamhní. Ní don drúis atá an corp ann, áfach, ach don Tiarna agus is don chorp atá an Tiarna ann.

14. Mar ní amháin gur thóg Dia an Tiarna ó mhairbh ach tógfaidh sé sinne ó mhairbh lena chumhacht chomh maith.

15. Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp? Más ea, an bhfuilim chun baill bheatha Chríost a thógáil agus baill bheatha mheirdrí a dhéanamh díobh? Nár lige Dia sin!

16. Nach bhfuil a fhios agaibh an té a bhíonn go dlúth i bpáirt le meirdreach go mbíonn sé d'aon chorp léi? Mar a deir an scrioptúr: “Aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.”

17. An té a bhíonn go dlúth i bpáirt leis an Tiarna áfach, bíonn sé d'aon spiorad leis.

18. Seachnaígí an drúis dá réir sin. Gach peaca eile dá ndéanann an duine, is lasmuigh dá chorp a bhíonn sé, ach is in aghaidh a choirp féin a pheacaíonn fear na drúise.

19. Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? Ní libh féin sibh

20. mar gur daor a ceannaíodh sibh. Más ea, tugaigí glóir do Dhia le bhur gcorp.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 6