Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 6:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a bhíonn cúis ag duine agaibh ar dhuine eile an mbíonn sé d'éadan air an scéal a chur faoi bhreith na neamhfhíréan in ionad na naomh?

2. An é nach dtuigeann sibh gurb iad na naoimh a thabharfaidh breith ar an domhan? Agus más oraibhse atá breith a thabhairt ar an domhan, an amhlaidh nach bhfuil sibh in ann ceisteanna suaracha a réiteach?

3. Nach bhfuil a fhios agaibh go dtabharfaimid breith ar na haingil féin gan trácht ar nithe saolta?

4. Dá bhrí sin má bhíonn cúrsaí saolta le réiteach agaibh, cad ab áil libh iad a chur faoi bhreithiúnas daoine nach bhfuil seasamh ar bith sa phobal Críostaí acu?

5. Mo náire sibh! An amhlaidh nach bhfuil aon duine stuama oraibh féin a d'fhéadfadh réiteach a dhéanamh idir a bhráithre,

6. ach bráthair ag cur dlí ar bhráthair agus é a dhéanamh i láthair ainchreidmheach?

7. Is locht oraibh a bheith ag dul chun dlí le chéile ar chor ar bith. Cén fáth nach gcuireann sibh suas leis an éagóir? Cén fáth nach bhfulaingíonn sibh leis an bhfeall?

8. Ina ionad sin is amhlaidh a bhíonn sibh féin ag déanamh na héagóra agus an fhill agus is ar bhur mbráithre féin é chomh maith.

9. An é nach dtuigeann sibh nach bhfaighidh drochdhaoine ríocht Dé mar oidhreacht? Ná bíodh aon dul amú oraibh: drúisigh ná íoltóirí ná adhaltraigh ná piteoga ná sodamaigh

10. ná gadaithe ná santacháin ná meisceoirí ná cáinteoirí ná robálaithe - ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 6