Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 5:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Táthar á rá go forleathan go bhfuil an drúis in bhur measc agus is drúis i nach bhfaightear i measc na bpágánach féin;

2. is é sin le rá go bhfuil duine agaibh i lánúnas lena leasmháthair. Agus sibhse lán de mhórchúis! Ag déanamh bróin ba chóra daoibh a bheith chun go n‑ardófaí uaibh an té a rinne amhlaidh.

3. I dtaca liom féin de, cé go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, tá mo spiorad ansiúd faraibh agus, chomh maith agus dá mbeinn in bhur láthair, tá mo bhreith tugtha cheana féin agam ar an té a rinne an gníomh sin,

4. mar atá: sibhse a theacht le chéile in ainm ár dTiarna Íosa agus mise ó spiorad in bhur dteannta agus ar údarás ár dTiarna Íosa

5. an duine sin a thabhairt suas do Shátan lena chorp a mhilleadh i dtreo go dtiocfadh a anam slán lá úd an Tiarna.

6. Ní healaí daoibh an mhórchúis; nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanann pinse gabháile an taos go léir a ghabháileadh.

7. Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh - agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n‑uan Cásca, íobartha.

8. Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin, agus ní leis an tseanghabháile é, le gabháile an oilc agus na hurchóide, ach le slimarán an ionracais agus na fírinne.

9. Dúirt mé libh i mo litir gan aon chaidreamh a bheith agaibh le drúisigh.

10. Ní hiad drúisigh an tsaoil seo i gcoitinne a bhí i gceist agam ar ndóigh, na bithiúnaigh agus gadaithe agus íoltóirí i gcoitinne, mar nár mhór daoibh an saol a fhágáil sa chás sin.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 5