Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 4:9-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Mar is dóigh liom go bhfuilimidne, aspail, curtha ar taispeáint ag Dia in eireaball thiar na caithréime mar chimí a mbeadh an bás i ndán dóibh, mar gur sampla saolta sinn os comhair aingeal agus daoine.

10. Is amadáin sinne ar son Chríost fad atá sibhse stuama i gCríost. Táimidne lag agus tá sibhse láidir; tá sibhse faoi mheas agus tá drochmheas orainne.

11. Go dtí an uair seo féin tá ocras agus tart agus easpa éadaigh orainn; bítear ag gabháil de dhoirne orainn agus gan teach ná treibh againn.

12. Bímid ag obair agus ag luain lenár lámha féin. Nuair a cháintear sinn, guímid beannacht; nuair a dhéantar géarleanúint orainn fulaingímid leis;

13. nuair a mhaslaítear sinn tugaimid an freagra séimh. Níl ionainn go dtí anois féin ach dríodar an tsaoil agus dramhaíl an uile ní.

14. Ní ag iarraidh sibh a náiriú atáim ag scríobh na nithe seo ach ag tabhairt comhairle bhur leasa daoibh mar gur sibhse mo chlann mhuirneach féin.

15. Bíodh na mílte treoraí agaibh i gCríost, níl mórán aithreacha agaibh mar gur mise a ghin sibh in Íosa Críost tríd an dea-scéal.

16. Impím oraibh dá bhrí sin aithris a dhéanamh orm.

17. Is chuige sin atáim ag cur Tiomóid chugaibh: is é mo mhac muirneach dílis é sa Tiarna agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh mo bhealaí i gCríost a bhíonn agam á bhfógairt i ngach eaglais ar fud an bhaill.

18. Tá cuid agaibh éirithe mórchúiseach faoi mar nach mbeinn ag teacht chugaibh ar chor ar bith.

19. Beidh mé chugaibh gan mhoill áfach le cúnamh Dé agus is é éifeacht lucht na mórchúise a bhraithfidh mé ansin agus ní hea a gcuid cainte.

20. Mar ní sa chaint atá ríocht Dé suite ach san éifeacht.

21. Cé acu is rogha libh, mar sin, mé a theacht chugaibh le slat nó mé a theacht le grá agus le spiorad na séimhe?

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 4