Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 3:4-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Nuair a bhíonn “leanaimse Pól” ag duine agus “leanaimse Apollós” ag duine eile nach de ghnáthmhuintir an tsaoil sibh?

5. Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air:

6. mise a chuir an síol, Apollós a chuir an t‑uisce leis ach is é Dia a chuir ag fás é.

7. Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t‑uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás.

8. Is é an dá mhar a chéile iad an síoladóir agus an t‑uiscitheoir ach cúiteofar a shaothar féin le gach duine acu.

9. Comhoibrithe le Dia atá ionainne agus gort Dé, foirgneamh Dé, is ea sibhse.

10. De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t‑ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin áfach,

11. mar ní féidir d'aon duine bunsraith eile a leagan ach an ceann atá thíos cheana féin, agus is é Íosa Críost an bhunsraith sin.

12. Cibé duine a dhéanfaidh tógáil ar an mbunsraith sin, úsáideadh sé ór, airgead nó clocha lómhara, adhmad, féar nó tuí,

13. beidh saothar cách soiléir le feiceáil; mar nochtfaidh an Lá é; mar nochtfar é sa lasair agus tástálfaidh an lasair cén sort oibre a bheidh déanta ag cách.

14. Má sheasann saothar tógála duine an triail, gheobhaidh sé a thuarastal;

15. ach má loisctear saothar duine, fágfar gan díol é; tiocfaidh sé féin slán, áfach, mar dhuine a bheadh gafa trí thine.

16. Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh.

17. Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé - agus is sibhse an teampall sin.

18. Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre.

19. Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: “Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin”;

20. agus arís: “Is eol don Tiarna smaointe na saoithe a bheith baoth.”

21. Dá réir sin, ná bíodh duine ar bith ag déanamh mórtais as daoine, mar is libhse an t‑iomlán:

22. Pól agus Apollós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht - is libhse iad uile,

23. agus is le Críost sibhse agus is le Dia Críost.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 3