Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 3:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. I dtaca liom féin de, a bhráithre, níorbh fhéidir dom labhairt libh mar dhaoine spioradálta ach mar dhaoine collaí, mar naíonáin i gCríost.

2. Is bainne a thug mé daoibh le hól in áit an bhia thirim toisc nach raibh sibh in inmhe; go deimhin níl sibh in inmhe fós féin

3. de bhrí go bhfuil sibh collaí go fóill. Fad atá éad agus achrann eadraibh nach daoine collaí atá ionaibh agus sibh do bhur n‑iompar féin de réir ghnás an tsaoil?

4. Nuair a bhíonn “leanaimse Pól” ag duine agus “leanaimse Apollós” ag duine eile nach de ghnáthmhuintir an tsaoil sibh?

5. Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air:

6. mise a chuir an síol, Apollós a chuir an t‑uisce leis ach is é Dia a chuir ag fás é.

7. Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t‑uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 3