Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 15:8-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth.

9. Mar is mise an duine is lú ar fad de na haspail - ní fiú mé go dtabharfaí aspal orm de bhrí go ndearna mé géarleanúint ar eaglais Dé.

10. Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom.

11. Ach is cuma idir mise agus iadsan, sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibhse.

12. Ós é atá á fhógairt go bhfuil Críost éirithe ó mhairbh, cad a bheir do chuid agaibhse a rá nach bhfuil aiséirí na marbh ann ar chor ar bith?

13. Mura bhfuil aiséirí na marbh ann níl Críost ach an oiread aiséirithe.

14. Agus mura bhfuil Críost aiséirithe tá ár bhfógairt gan bhonn agus tá bhur gcreideamhsa gan bhonn mar an gcéanna.

15. Agus níl ionainne ach finnéithe bréige ar Dhia de bhrí gur dhearbhaíomar ar Dhia gur thóg sé Críost ó mhairbh, rud nach ndearna sé más fiór nach n‑aiséiríonn na mairbh.

16. Mar más rud é nach n‑aiséiríonn na mairbh níl Críost aiséirithe ach chomh beag.

17. Agus más rud é nach bhfuil Críost aiséirithe is baoth bhur gcreideamh agus tá sibh in bhur bpeacaí go fóill.

18. Agus rud eile de, an mhuintir atá tar éis bháis i gCríost, tá deireadh leo.

19. Más le haghaidh an tsaoil seo amháin atá ár ndóchas as Críost againn níl aon díol trua is mó ná sinn.

20. Ach tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 15