42. Is é an dála céanna ag aiséirí na marbh é. Cuirtear i somhillteacht; éireofar i ndomhillteacht.
43. Cuirtear in easonóir; éireofar i nglóir. Cuirtear i laige; éireofar i neart.
44. Cuirtear é ina chorp nádúrtha; éireoidh sé ina chorp osnádúrtha. Má tá corp nádúrtha ann, tá corp osnádúrtha ann chomh maith.
45. Mar atá scríofa: “Rinneadh anam beo den chéad duine, Ádhamh.” Sea, agus rinne spiorad a bheonn den dara hÁdhamh.
46. Ach ní hé an rud osnádúrtha is túisce a bhí ann ach an rud nádúrtha agus an rud osnádúrtha ina dhiaidh.
47. Is ó chré na talún a tháinig an chéad duine agus é talmhaí ach is ó neamh an dara duine.
48. Bíonn na daoine talmhaí ar aon dul leis an duine úd a tháinig ón talamh, agus bíonn na daoine neamhaí ar aon dul leis an duine úd ó neamh.
49. Agus faoi mar a ghlacamar cló an duine thalmhaí orainn, [glacaimis] cló an duine neamhaí orainn chomh maith.
50. Is é atáim a rá libh, a bhráithre, nach féidir d'fhuil agus d'fheoil ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht ná ní féidir don rud somhillte an domhillteacht a shealbhú.
51. Ach tá rúndiamhair agam le nochtadh daoibh: ní bhfaighimid go léir bás ach tiocfaidh claochlú orainn go léir.
52. Tiocfaidh sé orainn in aon nóiméad amháin, i bhfaiteadh na súl, ar shéideadh an trumpa dhéanaigh. Nuair a shéidfidh an trumpa, éireoidh na mairbh agus iad domhillte; agus claochlófar sinne,