Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 15:36-51 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

36. A dhuine gan chiall, an síol a chuireann tú sa talamh ní thagann beatha ann gan é a fháil bháis ar dtús.

37. Agus an ní a chuireann tú ní hé an “corp” a bheidh ann ar ball é ach gráinne lom cruithneachta cuirim i gcás nó a leithéid eile.

38. Agus tugann Dia corp dó mar is áil leis, a chorp féin do gach síol ar leith acu.

39. Ní mar a chéile gach cineál feola ach tá cineál amháin ag daoine, cineál eile ag beithígh, cineál eile ag éanlaith, agus cineál eile fós ag éisc.

40. Agus tá na dúile neimhe ann agus dúile na talún. Agus ní ionann loinnir do na dúile neimhe agus do dhúile na talún.

41. Ní ionann loinnir don ghrian ná don ghealach ná do na réiltíní, agus níl aon dá réiltín ar aon loinnir le chéile.

42. Is é an dála céanna ag aiséirí na marbh é. Cuirtear i somhillteacht; éireofar i ndomhillteacht.

43. Cuirtear in easonóir; éireofar i nglóir. Cuirtear i laige; éireofar i neart.

44. Cuirtear é ina chorp nádúrtha; éireoidh sé ina chorp osnádúrtha. Má tá corp nádúrtha ann, tá corp osnádúrtha ann chomh maith.

45. Mar atá scríofa: “Rinneadh anam beo den chéad duine, Ádhamh.” Sea, agus rinne spiorad a bheonn den dara hÁdhamh.

46. Ach ní hé an rud osnádúrtha is túisce a bhí ann ach an rud nádúrtha agus an rud osnádúrtha ina dhiaidh.

47. Is ó chré na talún a tháinig an chéad duine agus é talmhaí ach is ó neamh an dara duine.

48. Bíonn na daoine talmhaí ar aon dul leis an duine úd a tháinig ón talamh, agus bíonn na daoine neamhaí ar aon dul leis an duine úd ó neamh.

49. Agus faoi mar a ghlacamar cló an duine thalmhaí orainn, [glacaimis] cló an duine neamhaí orainn chomh maith.

50. Is é atáim a rá libh, a bhráithre, nach féidir d'fhuil agus d'fheoil ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht ná ní féidir don rud somhillte an domhillteacht a shealbhú.

51. Ach tá rúndiamhair agam le nochtadh daoibh: ní bhfaighimid go léir bás ach tiocfaidh claochlú orainn go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 15