18. Agus rud eile de, an mhuintir atá tar éis bháis i gCríost, tá deireadh leo.
19. Más le haghaidh an tsaoil seo amháin atá ár ndóchas as Críost againn níl aon díol trua is mó ná sinn.
20. Ach tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh.
21. Faoi mar is duine amháin faoi deara an bás is duine amháin faoi deara aiséirí na marbh chomh maith.
22. Faoi mar a fhaigheann gach duine bás in Ádhamh, aithbheofar gach duine chomh maith i gCríost.
23. Beidh gach duine ina rang féin áfach; Críost an chéadtoradh; ansin nuair a fhillfidh sé aiséireoidh an mhuintir a bheidh i bpáirt le Críost;
24. agus ansin beidh an deireadh ann nuair a thabharfaidh sé suas an ríocht do Dhia an tAthair, tar éis dó gach ceannas agus tiarnas agus cumhacht a chur ar neamhní.
25. Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige.
26. Agus is é namhaid deireanach atá le cloí an bás.
27. Óir “tá gach ní curtha faoi chois aige.” Ach nuair a deirtear “tá gach ní curtha faoina chois” is follas nach bhfuil an té a chuir gach ní faoina chois san áireamh.
28. Nuair a bheidh gach ní faoina smacht, ansin rachaidh an Mac féin faoi réir an té a chuir gach ní faoi, sa tslí go mba é Dia gach ní don uile ní.
29. Rud eile de, cén fheidhm a bhíonn leo siúd a bhaistear thar ceann na marbh? Más rud é nach n‑aiséiríonn na mairbh ar chor ar bith, cad chuige a mbaistear thar a gceann iad?
30. Agus cad chuige a dtéimidne i mbaol gach uair den lá?
31. Chomh cinnte agus atá brod orm asaibhse i gCríost Íosa ár dTiarna, a bhráithre, níl lá de mo shaol nach dtéimse i mbaol mo bháis.
32. Mura mbeadh agam ach aidhmeanna daonna nuair a chuaigh mé ag troid le beithígh allta in Eifeasas, cad é an tairbhe dom é? Más rud é nach n‑aiséiríonn na mairbh “bímis ag ithe agus ag ól mar go mbeidh an bás amárach againn.”
33. Ná bíodh aon dul amú oraibh: “milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.”
34. Craithigí suas i gceart anois sibh féin agus éirígí as an bpeaca, mar tá cuid agaibh gan aithne ar Dhia. Is chun náire a chur oraibh atáim á rá.