Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 15:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ba mhaith liom a mheabhrú anois daoibh, a bhráithre, an dea-scéal úd a d'fhógair mé daoibh agus ar ghlac sibhse leis agus a bhfuil sibh suite go daingean de.

2. Is ann chomh maith atá bhur slánú le fáil má chloíonn sibh go dlúth leis an teagasc mar a thug mise daoibh é - ach mura in aisce a chreid sibh.

3. Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr;

4. gur adhlacadh é agus gur éirigh sé an tríú lá de réir na scrioptúr;

5. gur thaispeáin sé é féin do Chéafas agus ina dhiaidh sin don dáréag;

6. gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig céad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne.

7. Ansin thaispeáin sé é féin do Shéamas agus ina dhiaidh sin do na haspail go léir.

8. Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth.

9. Mar is mise an duine is lú ar fad de na haspail - ní fiú mé go dtabharfaí aspal orm de bhrí go ndearna mé géarleanúint ar eaglais Dé.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 15