Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 13:7-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Bíonn sé lán d'fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d'fhoighne.

8. Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t‑eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo.

9. Mar tá ár gcuid eolais easnamhach agus tá ár bhfáidheoireacht easnamhach;

10. agus nuair a thiocfaidh ann an rud foirfe, rachaidh an rud easnamhach ar neamhní.

11. Fad a bhí mé i mo leanbh, bhí caint agus meon agus réasún an linbh agam, ach ar m'éirí suas i m'fhear dom, d'fhág mé bealaí an linbh i mo dhiaidh.

12. Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm.

13. Tá trí nithe ann atá buan, más ea, creideamh dóchas agus grá, ach is é an grá an ní is mó orthusan.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 13