Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 12:8-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna.

9. Faigheann duine eile creideamh tríd an Spiorad céanna, agus duine eile buanna leighis tríd an aon Spiorad.

10. Faigheann duine eile cumas míorúiltí agus duine eile fós bua na tairngreachta agus duine eile arís na spioraid a aithint ó chéile. Bíonn teangacha éagsúla ag duine amháin agus míniú teangacha ag duine eile.

11. Ach is é an Spiorad ceanann céanna a bhíonn ag oibriú sna tíolacthaí seo uile agus é ag dáil ar gach duine faoi leith de réir mar is áil leis féin.

12. Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é:

13. mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.

14. Ní aon bhall amháin atá sa chorp ach mórán ball.

15. Má deir an chos: “Toisc nach lámh mé, ní bhainimse leis an gcorp,” ní fhágann sin nach cuid den chorp í.

16. Nó má deir an chluas: “Toisc nach súil mé, ní bhainimse leis an gcorp,” ní fhágann sin nach cuid den chorp í.

17. Dá mba shúil an corp iomlán, cá mbeadh an éisteacht? Nó dá mba éisteacht an t‑iomlán cá mbeadh an boladh?

18. Faoi mar atá, áfach, shocraigh Dia gach ball ar leith de na baill bheatha sa chorp de réir mar ab áil leis féin é.

19. Dá mba aon bhall amháin an t‑iomlán acu, cá mbeadh an corp?

20. Is amhlaidh mar atá an scéal, áfach: tá mórán ball ann agus aon chorp amháin.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 12