Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 11:4-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Aon fhear a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus a cheann clúdaithe aige, tugann sé náire don té is ceann air.

5. Aon bhean, áfach, a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha.

6. Mar mura gclúdaíonn bean a ceann, déantar í a bhearradh. Agus ós cúis aithise do bhean a ceann a bhearradh nó a folt a ghearradh, clúdaíodh sí a ceann.

7. Ní gá d'fhear a cheann a chlúdach mar is íomhá agus [macasamhail] Dé é; ach is [macasamhail] den fhear an bhean;

8. mar ní ón mbean a tháinig an fear ach is ón bhfear a tháinig an bhean.

9. Agus ní ar mhaithe leis an mbean a cruthaíodh an fear: is ar mhaithe leis an bhfear a cruthaíodh an bhean.

10. Dá réir sin ní miste don bhean comhartha an smachta a bheith ar a ceann aici mar gheall ar na haingil.

11. Ina dhiaidh sin agus uile níl an bhean neamhspleách leis an bhfear ná an fear neamhspleách leis an mbean sa Tiarna;

12. faoi mar a tháinig an bhean ón bhfear ar dtús, is ón mbean a shaolaítear an fear agus is ó Dhia a thagann an uile ní.

13. Fágaim faoi bhur mbreith féin an scéal; an cuí do bhean bheith ag guí chun Dé agus gan aon ní ar a ceann aici?

14. Nach é a mhúineann an nádúr féin dúinn gur cúis aithise d'fhear a chuid gruaige a bheith fada aige

15. ach gur barr maise do bhean a cuid gruaige a bheith amhlaidh? Go deimhin is mar chumhdach a tugadh an folt di.

16. Ach má tá fonn aighnis ar aon duine faoin scéal, níl a mhalairt de nós againne ná ag eaglaisí Dé.

17. Sa treoir seo atáim a thabhairt daoibh níl aon mholadh le déanamh agam oraibh mar nach fearrde sibh bhur dteacht le chéile ach gur measaide sibh é.

18. Ar an gcéad dul síos cloisim go mbíonn easaontas eadraibh nuair a thagann sibh le chéile mar eaglais, rud a chreidim cuid mhaith.

19. Caithfidh aicmí a bheith oraibh gan dabht chun go n‑aithneofaí cé hiad na daoine fiúntacha oraibh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 11