Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Corantaigh 11:22-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Nach bhfuil tithe de bhur gcuid féin agaibh chun bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an é is áil libh eaglais Dé a dhíspeagadh agus na boicht a náiriú? Cad a déarfaidh mé libh mar sin? Sibh a mholadh dá bharr, an ea? Go deimhin ní mholfaidh mé.

23. Is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna Íosa le tabhairt ar láimh, thóg sé arán

24. agus, ar altú dó, bhris agus dúirt: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt suas ar bhur son; déanaigí é seo mar chuimhne orm.”

25. Mar an gcéanna tar éis na proinne thóg sé an cupa ag rá: “Is é an cupa seo an nuachonradh i mo chuid fola. Déanaigí é seo mar chuimhne orm a mhinice a ólfaidh sibh é.”

26. A mhinice, más ea, a itheann sibh an t‑arán seo agus a ólann sibh an cupa, bíonn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé.

27. Dá chionn sin, duine ar bith a chaitheann an t‑arán nó a ólann cupa an Tiarna go míchuí beidh sé ciontach i gcorp agus i bhfuil an Tiarna.

28. Déanadh duine é féin a scrúdú mar sin sula gcaitheann sé an t‑arán agus sula n‑ólann sé as an gcupa,

29. mar an té a itheann agus a ólann gan corp an Tiarna a aithint, is é a dhaoradh féin a itheann agus a ólann sé.

30. Sin é an fáth a bhfuil an oiread sin agaibh tinn agus lag agus cuid mhaith agaibh tar éis bháis.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Corantaigh 11