Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zafainiá 3:8-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. “Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna,“fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir;mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú,na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéilechun go ligfidh mé mo racht amach orthu,mo chuid feirge fíochmhaire go léir.Go deimhin, ídeofar an domhan go léirle tine mo chuid éada.

9. “Is ea, tabharfaidh mé ansinbeola glana do na ciníochachun go nglaofaidh cách ar ainm an Tiarna,agus chun go bhfónfaidh siad dó de thoil a chéile.

10. Ón taobh thall d'aibhneacha na Cúisetabharfaidh mo chuid adhraitheoirí, iad siúd a scaip mé,ofrálacha chugam.

11. “An lá sin ní náireofar thúas na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i m'aghaidh.Mar tógfaidh mé as do lár ansindo chuid bladhmairí uaibhreacha;agus uaidh sin amach ní bheidh túag siúl timpeall go toirtéiseachníos mó ar mo shliabh naofa.

12. Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do láragus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídeanin ainm an Tiarna.

13. Ní dhéanfaidh siad aon éigeart,ní mó ná a inseoidh siad bréaga,agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal.Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth,agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.”

14. “Déan gairdeas, a iníon Shíón;tóg gártha áthais, a Iosrael;bíodh lúcháir agus gliondar ar do chroí go hiomlán,a iníon Iarúsailéim.

15. Tá an Tiarna tar éis an breithiúnasa bhí ag bagairt ort a thógáil díotagus do chuid naimhde a thiomáint chun siúil uait.Tá an Tiarna, rí Iosrael, i do láragus ní healaí duiteagla an mhí-áidh a bheith ort níos mó.

16. An lá sin déarfar le Iarúsailéim:‘Ná bíodh eagla ort, a Shíón;ná lagtar do lámha!

17. Tá an Tiarna, do Dhia, i do lármar laoch caithréimeach;déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort.Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá;tógfaidh sé gártha áthais ar do shonfaoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’

18. “Ardóidh mé an tubaiste díotsa chaoi nach mbeidh ortmaslaí a fhulaingt níos mó.

19. Féach! An tráth sin cuirfidh mé deireadhleis na daoine go léir a d'imir ansmacht ort.Sábhálfaidh mé na bacaigh;baileoidh mé le chéilean mhuintir a ruaigeadh chun fáinagus gnóthóidh mé clú agus cáil dóibhi ngach aon tír ar cuireadh náire orthu inti.

20. An tráth sin, baileoidh mé sibh le chéileagus treoróidh mé féin abhaile sibh ansin.Tabharfaidh mé clú agus cáil daoibhi measc ciníocha uile an domhain,nuair a rathóidh mé sibh arísfaoi bhur súile féin,” a deir an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Zafainiá 3