Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zafainiá 2:5-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Mairg daoibh,a áitritheoirí chósta na farraige,a chine na gCréiteach.(Tá briathar an Tiarna in bhur n‑aghaidh.)Ísleoidh mé thú, a dhúiche na bhFilistíneach!Millfidh mé thú sa chaoi nach bhfágfaraon áitritheoir ar bith ionat.

6. Déanfar bánta díot,talamh féaraigh aoirí, agus cróite caorach.

7. Agus beidh cósta na farraigeag fuílleach theaghlach Iúdá;san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach;rachaidh siad chun suain um thráthnónai dtithe Aiscileon,Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobhagus rathóidh sé iad arís.

8. “Chuala mé madaí Mhóábagus cáineadh chlann Amóna thug aithis do mo phobalagus a rinne maíomh in aghaidh mo thíre féin,

9. Ar an ábhar sin,”a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael,“dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodomagus clann Amón mar Ghomorá -dúiche lán neantóg, carn salainn,díthreabh go deo.Creachfaidh fuílleach mo phobail iadagus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.”

10. A chonách sin orthu de dheasca a n‑uabhair!Mar thug siad aithis do phobal Thiarna na Slua,agus rinne siad maíomh ina aghaidh.

11. Cuirfidh an Tiarna scanradh a n‑anama orthu;mar cuirfidh sé déithe uile an domhain ar neamhníagus sléachtfaidh insí uile na náisiún go talamh roimhe,gach ceann acu ina áit féin.

12. Agus fiú amháin sibhse, a Chúisíteacha,pollfar sibh le mo chlaíomh.

13. Sínfidh sé a lámh amach in aghaidh an tuaiscirtagus scriosfaidh sé an Asaíragus déanfaidh sé díthreabh de Nínivénó go mbeidh sí chomh tirim le fásach.

14. Agus luífidh síos ina lártréada de gach saghas ainmhithe;agus fiú amháin an cág agus an t‑ulchabhán,déanfaidh siad fara dá coirnisí san oíche.Cloisfear a nglaonna ar an bhfuinneogagus grágaíl an fhéich dhuibh ar an tairseach.Óir, tá an obair chéadrais millte.

15. An í seo an chathair lúcháireacha mhaireadh go slán sábháilteagus a deireadh ina croí istigh:“Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil”?Cad é mar a rinneadh fothrach diagus brocach beithíoch!Gach uile dhuine a ghabhann thairstidéanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne.

Léigh chaibidil críochnaithe Zafainiá 2