Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zafainiá 2:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cruinnígí le chéile, is ea, cruinnígí le chéile,a chine gan náire,

2. sula dtiomáintear chun siúil sibh mar an gcáith,sula dtaga fearg fhíochmhar an Tiarna oraibh,sula mbeire lá dhíbheirg an Tiarna oraibh.

3. Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile,a dhaoine uirísle na tíre,a chomhlíonann a reacht.Lorgaigí an fhíréantacht,lorgaigí an uirísle;b'fhéidir go bhfaigheadh sibh dídeanar lá dhíbheirg an Tiarna.

4. Is ea, tréigfear Gazá,agus beidh Aiscileon ina díthreabh.Díbreofar muintir Aisdeod i lár an lae ghilagus bainfear Eacrón as a fréamhacha.

5. Mairg daoibh,a áitritheoirí chósta na farraige,a chine na gCréiteach.(Tá briathar an Tiarna in bhur n‑aghaidh.)Ísleoidh mé thú, a dhúiche na bhFilistíneach!Millfidh mé thú sa chaoi nach bhfágfaraon áitritheoir ar bith ionat.

Léigh chaibidil críochnaithe Zafainiá 2