Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zafainiá 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Briathar an Tiarna a labhraíodh le Zafainiá, mac Chúisí, mhic Ghadailiá, mhic Amairiá, mhic Hiziciá, in aimsir Ióisíá, mhic Ámón, rí Iúdá.

Lá an Tiarna

Breith an Tiarna ar an Domhan

2. “Táim ar tí léirscrios a dhéanamhar gach ní atá ar dhromchla an domhain,a deir an Tiarna.

3. Scriosfaidh mé an duine agus an beithíoch;scriosfaidh mé éanlaith an aeiragus éisc na farraige(agus gach ábhar scannailagus gach rud a bhaineann tuisle as lucht an oilc)agus scuabfaidh mé an cine daonna chun siúilde dhromchla an domhain, a deir an Tiarna.

Daortar Adhradh Déithe Bréige

4. Agus sínfidh mé amach mo lámhin aghaidh Iúdá agus áitritheoirí uile Iarúsailéim,agus scuabfaidh mé chun siúilgach rian de Bhál as an áit seo,mar aon le hainmneachaa sheirbhíseach agus a shagart

5. iad siúd a shléachtannroimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtitheagus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarnaach a mhionnaíonn dar Miolcom

6. (agus na daoine a iompaíonn ón Tiarnaagus nach lorgann éagus ar beag orthu é).”

7. Bí i do thost i láthair an Tiarna Dia!óir tá lá an Tiarna in achmaireacht.Is ea, go deimhin, tá an Tiarna tar éis íobairt a ullmhúagus a chuid aíonna a choisreacan.

In Aghaidh Uaisle na Cúirte

8. “Ar lá íobartha an Tiarnasmachtóidh mé na feidhmeannaighagus clann mhac an ríagus na daoine go léira chaitheann cultacha coimhthíocha.

9. An lá sin smachtóidh ména daoine go léir a léimeann thar an tairseachagus a líonann pálás a dtiarnale foréigean agus le camastaíl.

In Aghaidh Mangairí Iarúsailéim

10. An lá sin, a deir an Tiarna,cloisfear gáir ó Gheata na nIascagus uallfartach ón mBaile Nuaagus callán mór ó na cnoic.

11. Déanaigí olagón, a áitritheoirí an Mhoirtéir;mar díothófar an lucht trádála go léiragus scuabfar chun siúillucht meáite uile an airgid.

In Aghaidh Díchreidmheach

12. An tráth sin cuardóidh mé Iarúsailéim le lóchrainnagus smachtóidh mé na daoine sinatá ag dul i raimhre ar a ndeascadhagus a deir ina gcroí istigh:‘Ní féidir leis an Tiarna dada a dhéanamh,olc maith ná donaí.’

13. Mar sin de déanfar slad ar a maoinagus léirscrios ar a dtithe.Fiú má thógann siad tithení chónóidh siad iontu,agus má chuireann siad fíniúnaní ólfaidh siad a bhfíon.”

Lá an Tiarna

14. Tá lá mór an Tiarna in achmaireacht;tá sé sa chóngar agus é ag teacht faoi lánluas;ar lá an Tiarna tógfar gártha searbha;fiú an gaiscíoch, beidh sé ag glaoch ar chabhair.

15. Lá díbheirge an lá sin,lá buartha agus angair,lá léirscriosta agus millte,lá dorchadais agus doiléire,lá scamall agus dúnéalta,

16. lá blosctha stoc agus gártha cathain aghaidh bailte daingneagus túr ard coirnéil.

17. Agus cuirfidh méan oiread sin anró ar dhaoinego mbeidh siad ag amharcaíl rompuamhail daoine dalla,mar pheacaigh siad in aghaidh an Tiarnascaipfear a gcuid fola mar dheannachagus a gcuid feola mar aoileach.

18. Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óiriad a shábháil.Ar lá dhíbheirg an Tiarnaídeofar an domhan go léirle tine a chuid éada.Cuirfidh sé deireadh,is ea deireadh dithneasach,le háitritheoirí uile an domhain.