Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 7:3-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. agus chun an cheist seo a chur ar shagairt Theampall Thiarna na Slua agus ar na fáithe: “An gcaithfidh mé caoineadh agus troscadh a dhéanamh go fóill sa chúigiú mí faoi mar atá á dhéanamh agam leis an oiread sin blianta anuas?”

4. Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom ansin mar a leanas:

5. “Abair é seo le muintir uile na tíre agus leis na sagairt: ‘Nuair a dhéanadh sibh troscadh agus caoineadh sa chúigiú agus sa seachtú mí le seachtó bliain anuas, an ar mo shonsa a dhéanadh sibh é?

6. Agus nuair a d'itheadh agus a d'óladh sibh nach ar bhur son féin a dhéanadh sibh ithe agus ól?

7. Nárbh iad seo na briathra a d'fhógair an Tiarna trí bhéal na bhfáithe tosaigh, nuair a bhí daoine ina gcónaí faoi rath in Iarúsailéim, agus sna bailte atá ina timpeall agus sa Neigib agus sna hÍsleáin freisin?’ ”

8. Labhraíodh briathar an Tiarna ansin le Zacairia mar a leanas:

9. “Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Tugaigí fíorbhreithiúnas uaibh; taispeánadh gach duine agaibh buanghrá agus trua dá bhráthair.

10. Ná déanaigí foréigean ar an mbaintreach ná ar an dílleachta, ar an gcoimhthíoch ná ar an mbochtán; ná bíodh aon duine agaibh ag meabhrú oilc ina chroí in aghaidh a bhráthar.’ ”

11. Ach dhiúltaigh siad éisteacht liom agus d'iompaigh siad gualainn stailceach chugam agus thug siad cluas bhodhar dom ar eagla go gcloisfidís.

12. Rinne siad a gcroíthe chomh dáigh le diamant ar eagla go gcloisfidís an teagasc, agus an teachtaireacht a chuir Tiarna na Slua chucu lena spiorad trí bhéal na bhfáithe a bhí ann fadó. Dá dheasca sin chuir Tiarna na Slua smachtú dian orthu le neart feirge.

13. Seo mar a tharla sé, a deir Tiarna na Slua: “Nuair a ghlaoigh mise orthu, níor éist siad liom; mar an gcéanna, nuair a ghlaoigh siadsan ormsa, níor éist mise leo.

14. Ach scaip mé chun fáin iad i measc na náisiún uile nach raibh aithne acu orthu; agus tar éis dóibh imeacht bánaíodh an tír sa chaoi nach raibh duine ná deoraí ag gabháil anonn agus anall inti. Ar an gcuma sin rinne siad fásach folamh dá ndúiche álainn.”

Léigh chaibidil críochnaithe Zacairia 7