Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 7:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa cheathrú bliain de réimeas Dháire rí, ar an gceathrú lá den naoú mí, is é sin le rá, de mhí Chisléu, labhraíodh briathar an Tiarna le Zacairia.

2. Is amhlaidh a chuir muintir Bhéit Éil feidhmeannach de chuid an rí darb ainm Searaizir uathu, i dteannta a chuid fear, chun fabhar a impí ar an Tiarna,

3. agus chun an cheist seo a chur ar shagairt Theampall Thiarna na Slua agus ar na fáithe: “An gcaithfidh mé caoineadh agus troscadh a dhéanamh go fóill sa chúigiú mí faoi mar atá á dhéanamh agam leis an oiread sin blianta anuas?”

4. Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom ansin mar a leanas:

5. “Abair é seo le muintir uile na tíre agus leis na sagairt: ‘Nuair a dhéanadh sibh troscadh agus caoineadh sa chúigiú agus sa seachtú mí le seachtó bliain anuas, an ar mo shonsa a dhéanadh sibh é?

Léigh chaibidil críochnaithe Zacairia 7