9. Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas:
10. “Glac ofrálacha ó na hiarchimí Haldae agus Tóibiá agus Iadáia agus imigh leat an lá céanna go dtí teach Ióisíá, mac Zafainiá - is amhlaidh a bhí na daoine seo tar éis teacht ón mBablóin.
11. Tóg airgead agus ór agus déan coróin agus cuir ar cheann an ardsagairt Iósua, mac Iózádác, í
12. agus abair é seo leis: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Seo fear darb ainm ‘An Beangán’; eascróidh sé mar a bhfuil sé agus tógfaidh sé Teampall an Tiarna.
13. Is eisean go deimhin a atógfaidh Teampall an Tiarna, agus a chuirfidh air féin na suaitheantais ríoga, agus a shuífidh mar rialtóir ina ríchathaoir. Beidh sagart ar a dheis agus beidh comharaíocht chairdiúil eatarthu.
14. Cuirfear an choróin i dTeampall an Tiarna mar thoirbhirt chuimhneacháin ar Haldae agus ar Thóibiá agus ar Iadáia agus ar Ióisíá, mac Zafainiá.”
15. Tiocfaidh daoine atá i bhfad ar shiúl agus atógfaidh siad Teampall an Tiarna. Agus beidh a fhios agaibh gurbh é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé. Titfidh sé seo amach má éisteann sibh go haireach le guth an Tiarna bhur nDia.”