Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 6:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'ardaigh mé mo shúile arís agus cad a chonaic mé ach ceithre charbad ag nochtadh chugainn amach idir dhá shliabh. Sléibhte cré-umhaí ba ea na sléibhte seo.

2. Bhí capaill rua faoin gcéad charbad, agus capaill dhubha faoin dara ceann,

3. agus capaill bhána faoin tríú ceann, agus capaill bhallacha láidre faoin gceathrú ceann.

4. Cheistigh mé an t‑aingeal a bhí ag caint liom, á rá: “Cad iad seo, a dhuine uasail?”

5. Dúirt an t‑aingeal liom ansin, do mo fhreagairt: “Tá siad seo ag gabháil amach faoi cheithre hairde na cruinne tar éis dóibh a bheith ag freastal ar Thiarna an domhain uile.

6. Tá carbad na gcapall dubh ag dul go dtí an tuaisceart agus carbad na gcapall bán ag dul go dtí an t‑iarthar agus carbad na gcapall ballach ag dul go dtí an deisceart.”

Léigh chaibidil críochnaithe Zacairia 6