Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 4:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'fhill an t‑aingeal a bhí ag caint liom agus dhúisigh sé mé mar a dhúisítear duine as a chodladh.

2. “Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Is é rud a fheicim,” arsa mise, “ná crann solais agus é déanta go hiomlán d'ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh.

3. In aice leis tá dhá chrann ológ, ceann amháin ar an taobh deas de agus ceann eile ar an taobh clé.”

4. Labhair mé ansin leis an aingeal a bhí ag caint liom, á cheistiú: “Cad iad seo, a dhuine uasail?”

5. Mar fhreagra air sin dúirt an t‑aingeal a bhí ag caint liom: “Nach bhfuil a fhios agat cad iad seo?” “Níl ná a fhios, a dhuine uasail,” arsa mise leis.

6. Dúirt sé liom ansin, do mo fhreagairt:Seo é briathar an Tiarna i dtaobh Zarubáibil:“Ní le treise arm ná le teann fornirt a dhéanfar é ach le cuidiú mo spioraid féin, a deir Tiarna na Slua.

7. Céard é thusa, a shliabh mhóir? Déanfar má díot roimh Zarubáibil. Nuair a bhéarfaidh sé an chloch chinn amach, gáirfear os ard: “Nach álainn í! Nach álainn í.’ ”

8. Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas:

9. “Is iad lámha Zarubáibil a leag bunsraith an Teampaill seo, agus is iad a lámhasan freisin a thabharfaidh chun dea-chríche é. Agus beidh a fhios agat gurb é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé.

10. Óir, duine ar bith a chaith drochmheas ar an lá seo na mioneachtraí cuirfear áthas air agus feicfidh sé an chloch thofa i lámha Zarubáibil.”“Is iad na seacht lampa seo súile an Tiarna a bhíonn ag breathnú uathu amach ar fud an domhain uile.”

11. Labhair mé leis arís, á rá: “Cad é an chiall atá leis an dá chrann ológ seo a bhfuil ceann díobh ar dheis an chrainn solais agus an ceann eile ar a chlé.”

12. Labhair mé leis aon uair amháin eile agus dúirt: “Cad iad an dá chraobh olóige seo a dhoirteann an ola tríd an dá phíopa óir?”

13. “Nach bhfuil a fhios agat cad iad seo?” ar seisean liom. “Níl ná a fhios, a dhuine uasail,” arsa mise.

14. Dúirt sé ansin: “Is iad seo an bheirt ungthach a bhíonn ina seasamh os comhair Tiarna an domhain uile.”

Léigh chaibidil críochnaithe Zacairia 4