Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 14:7-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Ach lá ar leith a bheidh ann - mar is eol don Tiarna; óir, ní bheidh aon difríocht ann idir lá agus oíche, mar beidh solas ann san oíche.

8. Ar an lá sin, sceithfidh uiscí beo amach as Iarúsailéim, leath amháin díobh i dtreo na farraige thoir agus an leath eile i dtreo na farraige thiar, ní amháin sa samhradh ach sa gheimhreadh chomh maith.

9. Agus beidh an Tiarna ina rí ar an domhan go léir; ar an lá sin, ní aithneofar ach an Tiarna amháin mar Dhia agus ní bheidh aon ainm eile in airde ach a ainmsean.

10. Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.

11. Ní dhéanfar scrios uirthi níos mó agus beidh daoine ina gcónaí in Iarúsailéim faoi shíocháin.

12. Ach maidir leis na ciníocha uile a bheidh tar éis cogadh a chur ar Iarúsailéim, is í seo an phlá lena mbuailfidh an Tiarna iad: lobhfaidh a gcuid feola orthu, fiú amháin agus iad ina seasamh ar a gcosa; morgfaidh a súile ina logaill agus dreofaidh a dteanga ina mbéal.

13. Ar an lá sin, cuirfidh an Tianna scaoll orthu. Béarfaidh gach duine greim láimhe ar a chomharsa agus ardóidh siad a lámha in aghaidh a chéile.

Léigh chaibidil críochnaithe Zacairia 14