20. Ar an lá sin, beidh “Coisricthe don Tiarna” greanta ar chloig na gcapall; agus beidh na potaí cócaireachta atá i dTeampall an Tiarna ar aon chéim leis na babhlaí croite atá os comhair na haltóra.
21. Thairis sin, beidh gach pota cócaireachta atá in Iarúsailéim agus in Iúdá coisricthe do Thiarna na Slua. Na daoine go léir a ofrálann íobairtí, tiocfaidh siad agus tógfaidh siad iad le haghaidh na cócaireachta. Ansin ní bheidh aon trádálaí i dTeampall an Tiarna feasta.