Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 14:13-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Ar an lá sin, cuirfidh an Tianna scaoll orthu. Béarfaidh gach duine greim láimhe ar a chomharsa agus ardóidh siad a lámha in aghaidh a chéile.

14. Beidh Iúdá féin ag troid in Iarúsaléim agus cruinneofar le chéile saibhreas náisiúin uile na comharsanachta: ór agus airgead agus éadaí, go flúirseach fairsing.

15. Agus an phlá a bhuailfidh na capaill agus na miúileanna agus na camaill agus gach beithíoch eile sna campaí seo, beidh sí cosúil leis an bplá eile úd.

16. Gach bliain tiocfaidh iarmhar na náisiún a rinne ionsaí ar Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh agus chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh.

17. Má bhíonn ceann ar bith de chlanna an domhain ann nach rachaidh suas go Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh, ní thitfidh aon bháisteach orthu.

18. Mura dtagann muintir na hÉigipte suas chun dul isteach inti, titfidh an phlá sin orthu lenar bhuail an Tiarna na náisiúin (nár tháinig suas chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh).

19. Sin é an pionós a chuirfear ar an Éigipt agus ar na náisiúin go léir nach dtiocfaidh suas chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh.

20. Ar an lá sin, beidh “Coisricthe don Tiarna” greanta ar chloig na gcapall; agus beidh na potaí cócaireachta atá i dTeampall an Tiarna ar aon chéim leis na babhlaí croite atá os comhair na haltóra.

21. Thairis sin, beidh gach pota cócaireachta atá in Iarúsailéim agus in Iúdá coisricthe do Thiarna na Slua. Na daoine go léir a ofrálann íobairtí, tiocfaidh siad agus tógfaidh siad iad le haghaidh na cócaireachta. Ansin ní bheidh aon trádálaí i dTeampall an Tiarna feasta.

Léigh chaibidil críochnaithe Zacairia 14