Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 14:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Féach! Tá lá an Tiarna ag teacht agus roinnfear istigh ionat an chreach a tógadh uait.

2. Is amhlaidh a chruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile in aghaidh Iarúsailéim chun cogadh a chur uirthi; gabhfar an chathair, creachfar na tithe; éigneofar na mná agus imeoidh leath na cathrach ar deoraíocht. Ach ní dhíothófar an leath eile de mhuintir na cathrach ar aon chor.

3. Ansin tiocfaidh an Tiarna amach agus cuirfidh sé cogadh ar na náisiúin sin faoi mar a throideann sé ar lá catha.

4. Ar an lá sin, beidh a chosa ina seasamh go daingean ar Chnoc na nOlóg, áit atá os comhair Iarúsailéim ar an taobh thoir di. Scoiltfear Cnoc na nOlóg anoir siar ag gleann ábhalmhor, agus bogfaidh leath amháin den chnoc ó thuaidh, agus an leath eile ó dheas.

5. Líonfar an gleann atá idir na cnoic ó Ghóa go dtí Iásól agus druidfear é faoi mar a tharla tar éis an chreatha talún in aimsir Uiziá, rí Iúdá. Tiocfaidh an Tiarna, mo Dhia, ansin agus a chuid naomh go léir in éineacht leis.

6. Ar an lá sin, ní bheidh aon solas ann ar dtús, ach fuacht agus sioc.

7. Ach lá ar leith a bheidh ann - mar is eol don Tiarna; óir, ní bheidh aon difríocht ann idir lá agus oíche, mar beidh solas ann san oíche.

8. Ar an lá sin, sceithfidh uiscí beo amach as Iarúsailéim, leath amháin díobh i dtreo na farraige thoir agus an leath eile i dtreo na farraige thiar, ní amháin sa samhradh ach sa gheimhreadh chomh maith.

9. Agus beidh an Tiarna ina rí ar an domhan go léir; ar an lá sin, ní aithneofar ach an Tiarna amháin mar Dhia agus ní bheidh aon ainm eile in airde ach a ainmsean.

10. Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.

11. Ní dhéanfar scrios uirthi níos mó agus beidh daoine ina gcónaí in Iarúsailéim faoi shíocháin.

12. Ach maidir leis na ciníocha uile a bheidh tar éis cogadh a chur ar Iarúsailéim, is í seo an phlá lena mbuailfidh an Tiarna iad: lobhfaidh a gcuid feola orthu, fiú amháin agus iad ina seasamh ar a gcosa; morgfaidh a súile ina logaill agus dreofaidh a dteanga ina mbéal.

Léigh chaibidil críochnaithe Zacairia 14