Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Zacairia 10:8-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ligfidh mé fead orthuagus cruinneoidh mé iad le chéile;óir, táim tar éis iad a fhuascailt.Agus beidh siad chomh líonmharagus a bhí siad riamh.

9. Cuirfidh mé mar shíol iad i measc na náisiún;ach cuimhneoidh siad ormi dtíortha atá i bhfad i gcéin.Tógfaidh siad a gclann iontuagus fillfidh siadsan ar ais.

10. Tabharfaidh mé abhaile ón Éigipt iadagus cruinneoidh mé iad ón Asaír.Seolfaidh mé isteach i nGileád agus sa Liobáin iad,agus fiú amháin ansin ní bhfaighfear slí go leor dóibh.

11. Gabhfaidh siad trí mhuir na hÉigipteagus buailfidh an Tiarna tonnta na farraige dóibhagus rachaidh an Níl ar fad i ndísc.Buailfear an t‑uabhar as an Asaíragus tógfar an ríshlat ón Éigipt.

12. Neartóidh mé sa Tiarna iadagus gluaisfidh siad ar aghaidh ina ainm,a deir an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Zacairia 10