1. San ochtú mí den dara bliain de réimeas Dháire labhraíodh briathar an Tiarna leis an bhfáidh Zacairia, mac Bharaicia, mhic Ideo, mar a leanas:
2. “Bhí fearg mhór ar an Tiarna le bhur n‑aithreacha.
3. Dá bhrí sin abair leis an bpobal: ‘Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Filligí orm, a deir Tiarna na Slua, agus fillfidh mise oraibhse, a deir Tiarna na Slua.
4. Ná bígí cosúil le bhur n‑aithreacha ar thug na fáithe tosaigh foláireamh dóibh, á rá: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Filligí ó bhur ndrochbhealaí agus ó bhur ndrochghníomhartha. Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird ar bith orm, a deir an Tiarna.
5. Cá bhfuil bhur n‑aithreacha anois? Agus na fáithe, an bhfanann siadsan beo i gcónaí?
6. Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”
7. Ar an gceathrú lá is fiche den aonú mí déag, is é sin le rá, de mhí Shabát, den dara bliain de réimeas Dháire, labhraíodh briathar an Tiarna le Zacairia, mac Bharaicia, mhic Ideo, mar a leanas:
8. “Bhí fís agam san oíche. Is amhlaidh a chonaic mé fear ar mhuin capaill rua agus é ina sheasamh i measc na gcrann miortail a bhí sa ghleann. Taobh thiar de bhí capaill rua agus capaill dhonnrua agus capaill bhána.
9. ‘Cad iad seo, a dhuine uasail?’ arsa mise. ‘Taispeánfaidh mé duit cad iad,’ arsa an t‑aingeal a bhí ag caint liom.