Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 5:24-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Cuireadh sé faoi deara don bhean ansin uisce an tseirfin agus na mallachta a ól agus rachaidh an t‑uisce mallachta isteach inti agus beidh sé searbh istigh inti.

25. Tógadh an sagart abhlann an éada as láimh na mná agus cuireadh sé i láthair an Tiarna í le comharthaí sóirt ofrála, agus tugadh sé chun na haltóra í.

26. Tógadh sé dorn den abhlann mar chuid chuimhneachán agus dódh sé ar an altóir é. Ansin cuireadh sé faoi deara don bhean an t‑uisce a ól.

27. Tar éis dó é a chur d'iallach uirthi é a ól, más fíor gur thruailligh sí í féin agus gur fheall sí ar a fear, ansin beidh an t‑uisce mallachta a théann inti searbh go cinnte; atfaidh a bolg agus seargfaidh a sliasaid agus beidh sí ina hábhar gránach i measc a muintire.

28. Ach murar thruailligh sí í féin agus go bhfuil sí glan, ansin rachaidh sí slán agus beidh clann uirthi.

29. Sin é an gnás i gcásanna éada, nuair a théann bean ar fán agus í féin a thruailliú agus í faoi údarás a fir,

30. nó nuair a bhuaileann taom éada fear agus go dtagann éad air faoina bhean. Nuair a thugann fear bean mar sin i láthair an Tiarna, cuireadh an sagart an gnás seo i bhfeidhm uirthi go hiomlán.

31. Beidh an fear gan chiontacht, ach, ní foláir don bhean pionós a peaca a iompar.”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 5