Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 5:18-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Tar éis don sagart an bhean a chur i láthair an Tiarna, scaoileadh sé le folt a cinn agus cuireadh sé an abhlann chuimhneacháin (an abhlann éada is é sin) ina lámha. Bíodh uisce an tseirfin, an sás mallachta, ina láimh féin.

19. Cuireadh sé an bhean ansin faoi bhrí na mionn. Abradh sé léi: ‘Mura fíor gur luigh fear leat agus go ndeachaigh tú ar fán agus gur thruailligh tú thú féin agus tú faoi údarás d'fhear céile, ansin ná déanadh uisce seo an tseirfin, sás na mallachta, aon dochar duit.

20. Ach más fíor go ndeachaigh tú ar fán agus tú faoi údarás d'fhear céile, agus gur thruailligh tú thú féin ag roinnt do leapa le fear seachas do chéile’ -

21. ag an bpointe seo cuireadh an sagart faoi deara don bhean mionn na mallachta a thabhairt agus abradh sé léi - ‘go ndéana an Tiarna mallú agus mionn díot i measc an phobail ag seargadh do shliasta agus ag at do bhoilg.

22. Go dté uisce seo na mallachta isteach i do chliabhlach, go n‑ata sé do bholg agus go searga sé do shliasaid!’ Freagraíodh an bhean: ‘Amen, Amen!’

23. Breacadh an sagart na mallachtaí seo i leabhar agus níodh sé glan iad in uisce an tseirfin.

24. Cuireadh sé faoi deara don bhean ansin uisce an tseirfin agus na mallachta a ól agus rachaidh an t‑uisce mallachta isteach inti agus beidh sé searbh istigh inti.

25. Tógadh an sagart abhlann an éada as láimh na mná agus cuireadh sé i láthair an Tiarna í le comharthaí sóirt ofrála, agus tugadh sé chun na haltóra í.

26. Tógadh sé dorn den abhlann mar chuid chuimhneachán agus dódh sé ar an altóir é. Ansin cuireadh sé faoi deara don bhean an t‑uisce a ól.

27. Tar éis dó é a chur d'iallach uirthi é a ól, más fíor gur thruailligh sí í féin agus gur fheall sí ar a fear, ansin beidh an t‑uisce mallachta a théann inti searbh go cinnte; atfaidh a bolg agus seargfaidh a sliasaid agus beidh sí ina hábhar gránach i measc a muintire.

28. Ach murar thruailligh sí í féin agus go bhfuil sí glan, ansin rachaidh sí slán agus beidh clann uirthi.

29. Sin é an gnás i gcásanna éada, nuair a théann bean ar fán agus í féin a thruailliú agus í faoi údarás a fir,

30. nó nuair a bhuaileann taom éada fear agus go dtagann éad air faoina bhean. Nuair a thugann fear bean mar sin i láthair an Tiarna, cuireadh an sagart an gnás seo i bhfeidhm uirthi go hiomlán.

31. Beidh an fear gan chiontacht, ach, ní foláir don bhean pionós a peaca a iompar.”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 5