Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 5:11-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

12. “Labhair le clann Iosrael agus abair:“Má théann bean duine ar fán agus go mbíonn sí mídhílis dó,

13. má luíonn fear eile léi gan fhios dá céile, agus má thruaillíonn sí í féin gan fhios ar an gcuma seo, gan aon fhinné ina coinne, agus nach mbeirtear uirthi sa ghníomh,

14. agus ansin taom éada a theacht ar an gcéile agus go dtagann éad air faoina bhean a thruailligh í féin: nó arís má bhuaileann taom éada é agus go dtagann éad air faoina bhean fiú amháin agus gan í tar éis a truaillithe,

15. ní foláir don fhear a bhean a thabhairt os comhair an tsagairt, agus ofráil deachú éafá min eorna a dhéanamh. Ná doirteadh sé ola uirthi, agus ná cuireadh sé túis chumhra uirthi, óir is ‘abhlann éada’ í seo, abhlann chuimhneacháin i gcuimhne ar locht.

16. Tugadh an sagart an bhean i láthair ansin, agus cuireadh sé i láthair an Tiarna í.

17. Tógadh sé uisce coisricthe ansin i soitheach cré agus cuireadh sé san uisce roinnt smúite a thógfaidh sé d'urlár an taibearnacail.

18. Tar éis don sagart an bhean a chur i láthair an Tiarna, scaoileadh sé le folt a cinn agus cuireadh sé an abhlann chuimhneacháin (an abhlann éada is é sin) ina lámha. Bíodh uisce an tseirfin, an sás mallachta, ina láimh féin.

19. Cuireadh sé an bhean ansin faoi bhrí na mionn. Abradh sé léi: ‘Mura fíor gur luigh fear leat agus go ndeachaigh tú ar fán agus gur thruailligh tú thú féin agus tú faoi údarás d'fhear céile, ansin ná déanadh uisce seo an tseirfin, sás na mallachta, aon dochar duit.

20. Ach más fíor go ndeachaigh tú ar fán agus tú faoi údarás d'fhear céile, agus gur thruailligh tú thú féin ag roinnt do leapa le fear seachas do chéile’ -

21. ag an bpointe seo cuireadh an sagart faoi deara don bhean mionn na mallachta a thabhairt agus abradh sé léi - ‘go ndéana an Tiarna mallú agus mionn díot i measc an phobail ag seargadh do shliasta agus ag at do bhoilg.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 5