Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 36:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin tháinig cinn finí shliocht chlann Ghileád mac Mháicír mac Mhanaise, sliocht de chlann Iósaef, chun tosaigh agus labhraíodar le Maois agus leis na taoisigh, cinn finí chlann Iosrael, agus dúradar:

2. “D'ordaigh an Tiarna duit, a uasail, an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael. Agus d'ordaigh an Tiarna duit, a uasail, oidhreacht ar ndearthár Zalofachád a thabhairt dá iníonacha.

3. Anois má phósann siadsan duine as treibh eile de chlann Iosrael bainfear a maoin d'oidhreacht ár n‑aithreacha. Cuirfear breis le maoin na treibhe lena mbainfidh siad, agus laghdófar ar an maoin a roinneadh orainne.

4. Nuair a thiocfaidh iubhaile chlann Iosrael ansin cuirfear a n‑oidhreacht sin le hoidhreacht na treibhe lena mbainfidh siad ansin, agus bainfear í d'oidhreacht threibh ár n‑aithreacha.”

5. Ar ordú an Tiarna thug Maois an bhreith seo do chlann Iosrael; dúirt sé: “Tá an ceart ag treibh chlann Iósaef.

6. Seo é breith an Tiarna i gcás iníonacha Zalofachád: ‘Pósaidís a rogha, ach pósaidís laistigh de shliocht threibh a n‑athar.

7. Níl oidhreacht chlann Iosrael le hathrú ó threibh go treibh, óir tá gach fear ar chlann Iosrael le cloí le hoidhreacht threibh a aithreacha.

8. Agus gach iníon ag a bhfuil oidhreacht i dtreibh de chlann Iosrael, ní foláir di pósadh i bhfine de threibh a hathar, i dtreo go mbeidh oidhreacht a aithreacha ag gach duine de chlann Iosrael.

9. Ná hathraítear aon oidhreacht ó threibh go treibh eile; cloíodh gach treibh de chlann Iosrael lena n‑oidhreacht féin.’ ”

10. Rinne iníonacha Zalofachád mar a d'aithin an Tiarna do Mhaois.

11. Phós Machlá, Tirzeá, agus Hoglá, agus Milceá, agus Noá, iníonacha Zalofachád, mic deartháireacha a n‑athar.

12. Ós rud é gur phósadar i bhfiní chlann Mhanaise mhic Iósaef, d'fhill a n‑oidhreacht ar threibh fhine a n‑athar.

13. Sin iad na haitheanta agus na dlithe a d'aithin an Tiarna do chlann Iosrael trí Mhaois ar bhánta Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 36