3. Bíodh na cathracha mar bhaile acu agus an féarach máguaird acu dá n‑eallach, dá stoc, agus dá n‑ainmhithe go léir.
4. Féarach na gcathracha máguaird a thabharfaidh sibh do na Léivítigh, síneadh sé míle banlámh ó bhallaí na cathrach amach ar gach taobh.
5. Lasmuigh den chathair déanaigí dhá mhíle banlámh a thomhas lastoir, agus dhá mhíle banlámh laisteas, agus dhá mhíle banlámh laistiar, agus dhá mhíle banlámh lastuaidh, agus an baile i lár baill; bíodh sin ina thalamh féaraigh ag na cathracha seo.
6. Ar na cathracha a thabharfaidh sibh do na Léivítigh, beidh sé chathair thearmainn, mar a gceadóidh sibh don lámh dhearg teitheadh; agus ina dteannta tugaigí dhá chathair agus daichead eile.
7. Tugaigí ocht gcathair agus daichead ar fad do na Léivítigh mar aon lena dtalamh féaraigh.
8. Maidir leis na cathracha a thabharfaidh sibh do na Léivítigh as sealúchas chlann Iosrael, ón muintir ag a bhfuil breis tugaigí breis, agus ón muintir ag a bhfuil níos lú, tugaigí níos lú. Tugadh gach duine cathracha dá chuid do na Léivítigh de réir méid na hoidhreachta a fuair sé féin.”
9. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: