Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 35:25-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. agus an marfóir a shaoradh ar an gcuma sin ó láimh an díoltach fola. Cuirfidh an comhthionól ar ais é go dtí an chathair thearmainn mar ar theith sé; fanadh sé ansiúd go bhfaighe an t‑ardsagart a ungadh leis an ola choisricthe bás.

26. Má théann an marfóir aon uair thar teorainneacha na cathrach tearmainn dár theith sé,

27. agus go bhfaigheann an díoltach fola greim air lasmuigh de theorainneacha a chathrach tearmainn, ní cás don díoltach é a mharú gan cion a fhola air.

28. Óir ní foláir don mharfóir fanacht ina chathair thearmainn go bhfaighe an t‑ardsagart bás; tar éis bhás an ardsagairt tá cead ag an marfóir filleadh ar an áit ina bhfuil a mhaoin.

29. Bíodh feidhm dlí agus reachta ag na treoracha sin agaibhse agus ag bhur sliocht cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh,

30. i gcás gach marú is ar fhianaise finnéithe nach foláir an marfóir a chur chun báis; ní chuirfear aon duine chun báis ar fhianaise duine aonair.

31. Ná glacaigí éiric ar son anam marfóra a daoradh chun báis; ní foláir é a chur chun báis.

32. Agus ná glacaigí éiric ar son duine a theith chun cathrach tearmainn ach ar mian leis filleadh agus maireachtáil sa bhaile roimh bhás don ardsagart.

33. Ná truailligí an talamh ina gcónaíonn sibh. Truaillíonn fuil an talamh agus níl leorghníomh ann don talamh ar son na fola a dhoirtear ann ach fuil an té a dhoirt é.

34. Na truailligí an talamh ina gcónaíonn sibh, a mairimse ina chrioslach; óir mairimse, an Tiarna, i measc chlann Iosrael.”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 35