Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 35:10-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. “Abair é seo le clann Iosrael:Nuair rachaidh sibh thar Iordáin trasna go tír Chanán,

11. ansin roghnaígí cathracha le bheith ina gcathracha seo mar thearmainn agaibh ón díoltach fola i dhéanann marú gan bheartú dídean.

12. Bíodh na cathracha seo mar thearmannn agaibh ón díoltach fola i dtreo nach mbásófaí an marfóir gan é thabhairt chun breithe os comhair an chomhthionóil.

13. Na cathracha seo a thabharfaidh sibh, bídís ina sé cathracha tearmainn.

14. Tabharfaidh sibh trí chathair lastall den Iordáin agus trí chathair i dtír Chanán le bheith ina gcathracha tearmainn.

15. Beidh na sé cathracha seo mar thearmann ag clann Iosrael agus ag an gcoimhthíoch agus ag an deoraí atá ag cur faoi ina measc, i dtreo gur féidir don té a dhéanann marú cinniúnach teitheadh iontu.

16. Ach más amhlaidh a bhuail sé an duine le huirlis iarainn agus gur mharaigh; is dúnmharfóir é. Ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis.

17. Má bhuail sé é le cloch, sás a mharaithe, ina láimh agus gur mharaigh, is dúnmharfóir é; ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis.

18. Nó más amhlaidh a bhuail sé é le harm maide, sás a mharaithe, agus gur mharaigh, is dúnmharfóir é. Ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis.

19. Cuireadh an díoltach fola féin an dúnmharfóir chun báis. Nuair a bhuaileann sé leis, cuireadh sé chun báis é.

20. Má thug an marfóir drochíde le barr fuatha ar an duine, nó má chaith sé urchar marfach gan choinne leis chun é a leagan ar lár,

21. nó má bhuail sé buille dhorn marfach air le holc, ansin ní foláir an té a bhuail an buille a chur chun báis; is dúnmharfóir é; ní foláir don díoltach fola é a chur chun báis nuair a bhuaileann sé leis.

22. Ach más trí chinniúint a thug sé drochíde ar an duine, gan mhailís, nó má chaith sé urchar leis agus gan a bheith i luíochán air,

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 35