Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 35:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois ar bhánta Mhóáb láimh leis an Iordáin os comhair Ireachó sall agus dúirt:

2. “Ordaigh do chlann Iosrael cathracha le cónaí iontu, agus talamh féaraigh timpeall na gcathracha, a thabhairt do na Léivítigh as an oidhreacht ina seilbh; tugaigí an méid sin do na Léivítigh.

3. Bíodh na cathracha mar bhaile acu agus an féarach máguaird acu dá n‑eallach, dá stoc, agus dá n‑ainmhithe go léir.

4. Féarach na gcathracha máguaird a thabharfaidh sibh do na Léivítigh, síneadh sé míle banlámh ó bhallaí na cathrach amach ar gach taobh.

5. Lasmuigh den chathair déanaigí dhá mhíle banlámh a thomhas lastoir, agus dhá mhíle banlámh laisteas, agus dhá mhíle banlámh laistiar, agus dhá mhíle banlámh lastuaidh, agus an baile i lár baill; bíodh sin ina thalamh féaraigh ag na cathracha seo.

6. Ar na cathracha a thabharfaidh sibh do na Léivítigh, beidh sé chathair thearmainn, mar a gceadóidh sibh don lámh dhearg teitheadh; agus ina dteannta tugaigí dhá chathair agus daichead eile.

7. Tugaigí ocht gcathair agus daichead ar fad do na Léivítigh mar aon lena dtalamh féaraigh.

8. Maidir leis na cathracha a thabharfaidh sibh do na Léivítigh as sealúchas chlann Iosrael, ón muintir ag a bhfuil breis tugaigí breis, agus ón muintir ag a bhfuil níos lú, tugaigí níos lú. Tugadh gach duine cathracha dá chuid do na Léivítigh de réir méid na hoidhreachta a fuair sé féin.”

9. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

10. “Abair é seo le clann Iosrael:Nuair rachaidh sibh thar Iordáin trasna go tír Chanán,

11. ansin roghnaígí cathracha le bheith ina gcathracha seo mar thearmainn agaibh ón díoltach fola i dhéanann marú gan bheartú dídean.

12. Bíodh na cathracha seo mar thearmannn agaibh ón díoltach fola i dtreo nach mbásófaí an marfóir gan é thabhairt chun breithe os comhair an chomhthionóil.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 35