Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 34:11-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Rachaidh an teorainn ó dheas ó Sheafám go Ribleá lastoir de Áín. Níos sia ó dheas fanfaidh sí lastoir de Mhuir Chinirit.

12. Ansin leanfaidh an teorainn an Iordáin agus beidh deireadh léi ag Muir an tSalainn. Sin é agaibh bhur dtír lena theorainneacha mórthimpeall.’ ”

13. Ansin thug Maois ordú do chlann Iosrael á rá: “Sin é an tír atá le roinnt ar cranna agaibh, an tír a d'aithin an Tiarna a thabhairt do na naoi dtreibheanna go leith;

14. óir treibh chlann Reúbaen gona bhfiní sinseartha, agus treibh chlann Ghád gona bhfiní sinseartha, tá a n‑oidhreacht faighte acu cheana féin; mar an gcéanna le leath threibh Mhanaise.

15. Tá a n‑oidhreacht faighte ag an dá threibh go leith sin cheana féin lastall den Iordáin ar aghaidh Ireachó sall, soir i dtreo éirí gréine.”

16. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

17. “Seo iad ainmneacha na dtaoiseach a roinnfidh an fearann oraibh mar oidhreacht: Eileázár an sagart agus Iósua mac Nún;

18. tógaigí taoiseach as gach treibh chun an fearann a roinnt mar oidhreacht.

19. Seo iad ainmneacha na bhfear sin:Do threibh Iúdá, Cálaeb mac Iafuna.

20. Do threibh chlann Shímeon, Seamúéil mac Aimíohúd.

21. Do threibh Bhiniáimin, Eilídeád mac Chisleon.

22. Do threibh chlann Dhán, mar thaoiseach, Bucaí mac Ioglaí.

23. Do chlann Iósaef: do threibh chlann Mhanaise, mar thaoiseach, Hainíéil mac Éafod.

24. Do threibh chlann Eafráim, mar thaoiseach, Camúéil mac Shifteán.

25. Do threibh chlann Zabúlun, mar thaoiseach, Eilíozáfán mac Pharnác.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 34