Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 33:45-56 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

45. Chuireadar chun bealaigh ó Iím agus shuíodar a gcampa i nDíobon Gád.

46. Chuireadar chun bealaigh ó Dhíobon Gád agus shuíodar a gcampa in Almon Dibleátáím.

47. Chuireadar chun bealaigh ó Almon Dibleátáím agus shuíodar a gcampa i Sléibhte Abáraím, sall ó Neabó.

48. Chuireadar chun bealaigh ó Shléibhte Abáraím agus shuíodar a gcampa i machairí Mhóáb láimh leis an Iordáin os comhair Ireachó sall.

49. Shuíodar a gcampa láimh leis an Iordáin idir Béit-ha-Isimiot agus Ábael-ha-Sitím ar mhachairí Mhóáb.

50. Labhair an Tiarna le Maois ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó, agus dúirt:

51. “Abair le clann Iosrael: ‘Nuair a ghabhann sibh thar an Iordáin isteach i dtír Chanán,

52. ansin ní foláir daoibh an mhuintir go léir atá ina gcónaí sa tír a thiomáint amach romhaibh, agus a gclocha greanta go léir a scrios, agus a ndealbha leáite a scrios, agus a n‑áiteanna arda go léir a scartáil.

53. Gabhaigí seilbh ar an tír agus cuirigí fúibh ann, óir thug mé an tír daoibh mar shealúchas.

54. Ní foláir daoibh é a roinnt ar cranna idir bhur bhfiní. D'fhine mór tugaigí oidhreacht bhreise, agus d'fhine beag oidhreacht níos lú. Mar a dtitfidh an crann, do gach duine, sin é a bheidh aige. Bíodh bhur n‑oidhreacht agaibh de réir na dtreibheanna sinseartha.

55. Mura dtiomáineann sibh dúchasaigh na tíre amach romhaibh, ansin iad siúd a fhágfaidh sibh ann, beidh siad mar dhealga in bhur súile agus mar bhioranna in bhur gcliatháin; ciapfaidh siad sibh sa tír ina mbeidh cónaí oraibh,

56. agus tabharfaidh mé oraibhse an íde a mheasas a thabhairt orthusan.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 33