1. Seo iad céimeanna chlann Iosrael ar mbealach amach as an Éigipt ina sluaite faoi cheannas Mhaois agus Árón.
2. Bhreacadh Maois i scríbhinn na háiteanna óna dtosaídís nuair a chuiridís chun bealaigh faoi ordú an Tiarna. Seo iad a gcéimeanna de réir na n‑áiteanna ónar thosaíodar.
3. D'fhágadar Ramasaes an chéad mhí. Ba ar an gcúigiú lá déag den chéad mhí, an lá tar éis na Cásca, a chuir clann Iosrael chun bealaigh go caithréimeach os comhair súile na nÉigipteach go léir.
4. Bhí na hÉigiptigh ag adhlacadh ar mharaigh an Tiarna dá muintir féin, gach céadghin leo; bhí breith tugtha ag an Tiarna ar a ndéithe.
5. Chuir clann Iosrael chun bealaigh ó Ramasaes agus shuíodar a gcampa i Sucót.
6. Ansin chuireadar chun bealaigh ó Shucót agus shuíodar a gcampa in Éatám ar imeall an fhásaigh
7. Chuireadar chun bealaigh ó Éatám agus d'fhilleadar go Pí Haichíorót atá soir ó Bhálzafón, agus shuíodar a gcampa i Migdeol.
8. Chuireadar chun bealaigh ó Phí Haichíorót agus ghabhadar thar farraige isteach san fhásach; tar éis aistear trí lá a dhéanamh i bhfásach Éatám, shuíodar a gcampa i Márá.
9. Chuireadar chun bealaigh ó Mhárá agus shroicheadar Éilím; bhí deich dtobar fíoruisce agus seachtó crann pailme in Éilím agus shuíodar a gcampa ann.
10. Chuireadar chun bealaigh ó Éilím agus shuíodar a gcampa ag Muir na nGiolcach.
11. Chuireadar chun bealaigh ó Mhuir na nGiolcach agus shuíodar a gcampa i bhfásach Shín.
12. Chuireadar chun bealaigh ó fhásach Shín agus shuíodar a gcampa i nDofcá.
13. Chuireadar chun bealaigh ó Dhofcá agus shuíodar a gcampa in Álúis.
14. Chuireadar chun bealaigh ó Álúis agus shuíodar a gcampa i Rifídím mar nach raibh aon uisce ag an bpobal le hól ann.