Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 32:22-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. ansin, nuair a bheidh an tír ar a láimh ag an Tiarna, ní miste sibh a fhilleadh; beidh sibh saor ó bhur ndualgas don Tiarna agus do Iosrael; agus beidh an tír seo mar sheilbh oidhreachta agaibh i láthair an Tiarna.

23. Ach mura ndéanann sibh amhlaidh, beidh peaca á dhéanamh agaibh in aghaidh an Tiarna, agus is deimhin go dtiocfaidh bhur bpeaca oraibh.

24. Déanaigí cathracha dá bhrí sin do bhur miondaoine agus cróite do bhur dtréada; ach déanaigí beart leis de réir bhur mbriathra.”

25. Dúirt clann Ghád agus clann Reúbaen le Maois: “Déanfaidh do shearbhóntaí mar a ordaíonn tú, a thiarna.

26. Fanfaidh ár miondaoine, ár mná, ár dtréada, agus ár dtáinte go léir ansiúd i gcathracha Ghileád,

27. ach do shearbhóntaí, gach fear le harm cogaidh ina láimh, rachaidh siad sall chun catha roimh an Tiarna amach mar a d'ordaigh tú, a thiarna.”

28. Ansin thug Maois treoracha ina dtaobh do Eileázár an sagart, do Iósua mac Nún, agus do cheannairí theaghlaigh athartha threibheanna Iosrael.

29. Dúirt Maois leo: “Má ghabhann gach fear a iompraíonn arm de chlann Ghád agus de chlann Reúbaen thar an Iordáin libh chun troid roimh an Tiarna amach, nuair a bheidh an tír faoi smacht agaibh, ansin tugaigí tír Ghileád ina seilbh.

30. Ach mura dtéann siad anonn faoi airm libh, ansin ní foláir dóibh a n‑oidhreacht a bheith in bhur measc i dtír Chanán.”

31. D'fhreagair clann Ghád agus clann Reúbaen: “Déanfaimid ar ordaigh an Tiarna do do shearbhóntaí.

32. Rachaimid anonn faoi airm go tír Chanán roimh an Tiarna amach, ach ní foláir daoibh seilbh a fhágáil againn ar ár n‑oidhreacht lastall den Iordáin.”

33. Thug Maois dóibh - do chlann Ghád agus do chlann Reúbaen agus do leath-threibh Mhanaise mac Iósaef - riocht Shíochón rí na nAmórach, ríocht Óg rí Bháiseán, an fearann agus a chathracha agus a chríocha, agus cathracha na duíche timpeall.

34. Thóg clann Ghád Díobon agus Atárot agus Aróéir,

35. agus Atrot Siófán agus Iazaer agus Iogbahá,

36. agus Béit Nimreá agus Béit Harán, cathracha daingne, agus cróite dá dtréada.

37. Thóg clann Reúbaen Heisbeon agus Eileálae agus Ciriátáím

38. agus Neabó agus Bál Meón (athraíodh a n‑ainmneacha seo) agus Sibmeá. Thugadar ainmneacha ar na cathracha a thógadar.

Léigh chaibidil críochnaithe Uimhreacha 32