49. agus dúradar le Maois: “Chomhairigh do searbhóntaí na saighdiúirí faoina gceannas; níl fear ar iarraidh uainn.
50. Thugamar dá bhrí sin mar ofráil don Tiarna na seoda óir a fuaireamar - slabhraí rí agus géag, fáinní, cluasáin, agus dealga - chun go ndéanfaí gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar ár son i láthair an Tiarna.”
51. Ghlac Maois agus Eileázár an sagart leis an ór seo, leis na seoda seo, uathu.
52. Agus an t‑ór go léir a d'ofráladar don Tiarna sé méid a bhí ann sé mhíle dhéag, seacht gcéad agus caoga seicil; na ceannairí míle agus na ceannairí céad, is iad a bhronn.
53. Rug gach saighdiúir a chreach féin leis.
54. Ach thóg Maois agus Eileázár an sagart an t‑ór ó na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus thugadar leo isteach i mBoth na Teagmhála é mar chuimhneachán ar chlann Iosrael i bhfianaise an Tiarna.